Fáilte an Aire

Is mór agam fáilte a chur romhat chuig láithreán gréasáin mo Roinne thar mo cheann féin, thar ceann mo chomhghleacaí, an tAirí Stáit John Curran agus Conor Lenihan, agus thar ceann fhoireann mo Roinne. Tá súil agam go mbeidh ár láithreán dár Roinn ina fhoinse shaibhir faisnéise agus eolais duit ar an raon leathan freagrachtaí laistigh dár raon cúraimí.

Is léir agus Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta á cruthú, go bhfuil an Rialtas ag cur béim speisialta ar an tábhacht le pobail agus forbairt pobail. Tá fócas ar leith ar phobail atá i mbaol nó faoi bhagairt, mar phobail tuaithe ar meathlú, pobail Ghaeltachta agus oileán, nó pobail uirbeacha faoi mhíbhuntáiste. I gcásanna dá leithéidí, feictear an soláthar tacaíochta ón Rialtas chun cabhrú chun pobail níos láidre a fhorbairt mar an tslí is fearr le dul ar aghaidh, cibé acu na pobail sin a bheith i suímh thuaithe nó i suímh chathrach istigh, ag streachailt le deacrachtaí a chothaítear ag raon fachtóirí, lena n-áirítear pobail ar meathlú, dífhostaíocht, saincheisteanna teanga, míbhuntáiste sóisialta agus mí-úsáid drugaí.

Díreoidh an Roinn, mar sin, ar shaincheisteanna tábhachta do dhaoine atá mar chuid de phobail, seachas díriú ar shaincheisteanna geilleagracha agus earnálacha amháin. Sa tslí sin, mar shampla, in áit béim a chur ar thalmhaíocht ann féin, beidh an fócas ar fhorbairt tuaithe, rud ar chúis imní dhíreach do chuid mhaith daoine é, nach gá go bhfuil siad go léir ag plé le feirmeoireacht.

Is mór agam d'aird a dhíriú ar chineál dátheangach ár láithreáin. Tá mo Roinn tiomanta do thacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na Gaeilge mar theanga bheo don aonú haois is fiche.

Tá súil agam go bhfuil an láithreán gréasáin seo úsáideach agus faisnéiseach duit. Má tá aon fhiosruithe nó aon ní le rá agat, fabhrach nó eile, déan teagmháil linn bealach ríomhphoist ag eolas@pobail.ie (nasc ríomhphoist). Táim féin agus m'fhoireann ag súil le cloisteáil uait.


Éamon Ó Cuív, T.D.,
Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

An Rannóg Seo