
Ainm:
John Curran
Post:
An tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá freagrach as Gnóthaí Pobail agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí .
Seoladh na Roinne:
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Dún Aimhirgin, 43-49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4
Seoladh Toghcheantair:
2A An tSráid Mhór, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
Uimhreacha Gutháin:
01 6473042 (An Roinn) 01 6183792 (Oifig Toghcheantair)
Oideachas:
Moyle Park College, Cluain Dolcáin agus Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath (BComm)
Slí Bheatha:
Ionadaí Poiblí lánaimseartha ó toghadh é ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas i mí an Mheithimh 1999. Toghadh é go Dáil Éireann den chéad uair in 2002 do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Meán agus toghadh é in athuair i mí na Bealtaine 2007. Tá seal caite ag John Curran mar bhall de Choiste na gCuntas Poiblí, den Choiste Oideachais agus Eolaíochta agus den Choiste Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Ceapadh freisin é ar an bhFóram Sóisialta (NESF) in 2004 agus ar an gCoiste Oireachtais ar Chosaint Leanaí in 2006. Bhí sé ina Leas-Phríomhaoire go dtí gur ceapadh é ina Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i mí na Bealtaine 2008.