An Foras Teanga

Tháinig An Foras Teanga ar an saol ar 2 Nollaig 1999 mar cheann de na 6 chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh nuair a tháinig An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 i bhfeidhm. Tá dhá Ghníomhaireacht mar chuid den Fhoras Teanga, i.e.,

Tá An Foras Teanga freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) agus do na hAirí sna Ranna Urraíochta, i.e., an Roinn seo agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta  (RCEF) i dTuaisceart Éireann.

 

Maoiniú

Cuirtear maoiniú ar fáil don dá Ghníomhaireacht ón Roinn seo agus ón RCEF sa Tuaisceart de réir bhuiséid atá ceadaithe ag an CATT. 

Déantar Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar an mbonn 75% ón Roinn seo agus 25% ón RCEF - buiséad iomlán de €20,643,340 ceadaithe ag an CATT i leith 2010.  

Déantar Tha Boord o Ulstèr-Scotch a mhaoiniú ar an mbonn 25% ón Roinn seo agus 75% ón RCEF - buiséad iomlán de £3,327,600 ceadaithe ag an CATT i leith 2010.
 
Anuas air seo, cuireann an Roinn seo maoiniú breise ar fáil d'Fhoras na Gaeilge i ndáil le nithe imfhálaithe mar a bhaineann le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. 

Ag éirí as cinneadh CATT i 2007, aistríodh feidhmeanna iarBhord na Leabhar Gaeilge go Foras na Gaeilge agus aontaíodh go dtiocfadh an maoiniú ón Roinn seo amháin chun obair Chlár na Leabhar Gaeilge a chur i gcrích.  Is é an ról atá ag Clár na Leabhar Gaeilge ná chun scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú.

Is tionscnamh trípháirteach atá i gceist le Colmcille ar mhaithe le Gaeilge agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn.  Ag eascairt as cinneadh CATT in Iúil 2008, aontaíodh go n-aistreofaí feidhmeanna Cholmcille in Éirinn chuig Foras na Gaeilge agus go gcuirfí páirtnéireacht ar bun idir Foras agus Bòrd na Gàidhlig chun spriocanna Cholmcille a chur chun cinn.

Cuirtear maoiniú na Roinne seo ar fáil faoi Fhomhír E.1 de Vóta na Roinne agus is é €16.6m an t-ollsoláthar atá curtha ar fáil sna Meastacháin i leith 2011.  


Bord

Tá Bord an Fhorais Teanga comhdhéanta de bhoird na nGníomhaireachtaí le chéile.  Is 16 atá ar bhord Fhoras na Gaeilge agus 8 atá ar bhord Tha Boord o Ulstèr-Scotch, agus is é an CATT a dhéanann na ceapacháin sin ar bhonn ainmniúchán 50:50 thuaidh agus theas.  Is mar seo a leanas sonraí maidir le baill na mBord i láthair na huaire:

FORAS NA GAEILGE

From:

To:

Liam Ó Maolmhichíl, Cathaoirleach 13/12/2011

12/12/2015

Eoghan Mac Cormaic, Leas-Chathaoirleach 13/12/2011

12/12/2015

Pól Callaghan 13/12/2011

12/12/2015

Colm Cavanagh 13/12/2011

12/12/2015

Áine Ní Chiaráin 13/12/2011

12/12/2015

Bríd Ní Chonghóile 13/12/2011

12/12/2015

Liam Kennedy 13/12/2011

12/12/2015

Seosamh Mac Donnchadha 13/12/2011

12/12/2015

Tomás Mac Eochagáin 13/12/2011

12/12/2015

Marcus Mac Ruairí 13/12/2011

12/12/2015

Seán Mícheál Ó Dómhnaill 13/12/2011

12/12/2015

Dónal Ó hAiniféin 13/12/2011

12/12/2015

Therese Ruane 13/12/2011

12/12/2015

Tomás Sharkey 13/12/2011

12/12/2015

Caitríona Ní Shúilleabháin 13/12/2011

12/12/2015

Folúntas

 

 

THA BOORD O ULSTÈR-SCOTCH

From:

To:

Tom Scott, Cathaoirleach  13/12/2011 12/12/2015
Tony Crooks, Leas-Chathaoirleach  13/12/2011

12/12/2015

Ida Fisher  13/12/2011

12/12/2015

William Leathem

 13/12/2011

12/12/2015

Val O’Kelly  13/12/2011

12/12/2015

Hilary Singleton  13/12/2011 12/12/2015
Sharon Treacy-Dunne  13/12/2011

12/12/2015

Trevor Wilson  13/12/2011 12/12/2015


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Reachtaíocht

Is é An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 (Uimhir 1 de 1999) an bonn reachtúil do na Forais Fhorfheidhme Trasteorann, An Foras Teanga ina measc, agus is féidir teacht ar an bpríomhreachtaíocht sin ag an nasc seo:  http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/1999/a199i.pdf

Rinneadh leasú ar an bpríomhreachtaíocht trí na hAchtanna seo a leanas agus is féidir teacht orthu ag na naisc ina ndiaidh:

•     An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 1999 (Uimhir 16 de 1999) http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/1999/a1699i.pdf
•     British-Irish Agreement (Amendment) Act 2002 (Number 26 of 2002): http://www.achtanna.ie/en.act.2002.0026.1.html 
•     An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 2005 (Uimhir 6 de 2005): http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2005/a605i.pdf 
•     An t-Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 2006 (Uimhir 32 de 2006): http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2006/a3206i.pdf 

Is féidir teacht ar na hIonstraimí Reachtúla cuí trí na naisc seo a leanas:
•     S. I. No. 377/1999 British-Irish Agreement Act 1999 (Commencement) Order 1999: http://www.irishstatutebook.ie/1999/en/si/0377.html
•     S.I. No. 378/1999 British-Irish Agreement (Amendment) Act 1999 (Commencement) Order 1999 : http://www.irishstatutebook.ie/1999/en/si/0378.html
•     I.R. Uimh. 552 de 2002 An t-Ordú Fán Acht um Chomhaontú na Breataine – na hÉireann (Leasú) 2002, (Tosach Feidhme) 2002: http://www.irishstatutebook.ie/2002/en/si/0552.html 

 

Tuilleadh Eolais & Sonraí Teagmhála

Is féidir tuilleadh eolas a fháil ar shuíomh idirlín na nGníomhaireachtaí agus ar na naisc seo a leanas:

Foras na Gaeilge: http://www.gaeilge.ie
Tha Boord o Ulstèr-Scotch: http://www.ulsterscotsagency.com

Tá sonraí teagmhála na nGníomhaireachtaí (oifigí ó dheas agus ó thuaidh) á léiriú seo a leanas:

Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Fón: 01 639 8400 /  1850 325 325
eolas@forasnagaeilge.ie

Foras na Gaeilge
Teach an Gheata Thiar
2-4 Sráid na Banríona
Béal Feirste BT1 6ED
Fón: 028 (048) 9089 0970 / 0845 3098142
eolas@forasnagaeilge.ie

Tha Boord o Ulstèr-Scotch
68-72 Great Victoria Street
Belfast
BT2 7BB
Northern Ireland
Fón: 028 (048) 9023 1113
info@ulsterscotsagency.org.uk

Tha Boord o Ulstèr-Scotch
The Moffatt Building Street
The Diamond
Raphoe
Co. Donegal
Fón: 074 917 3876
ulsterscotsagency@eircom.net

 



 

An Rannóg Seo