Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (201 kb)
Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002. Seo é an tuarascáil deiridh.
Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta
Teideal: Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002
Céadfhoilsiú: Bealtaine 2002
Ábhar: 30 leathanach
Príomh-Mholtaí: Lgh. 17 & 18
Cúlra
Bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta i mí Aibreáin 2000 chun moltaí a dhéanamh i dtaobh láidriú na Gaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide an phobail Gaeltachta. Tar éis don Rialtas tuarascáil an Choimisiúin a fháil i Márta 2002, cheadaigh sé a fhoilsiú, gan tiomantas.
Sa Tuarascáil tá 19 bpríomh-mholadh a fholaíonn an méid seo a leanas:
§ achtú láithreach Bille Teangacha Oifigiúla (Comhionannas);
§ infhaighteacht córais oideachais chuimsithigh ar gach leibhéal ina dtugtar tosaíocht don Ghaeilge mar chéadteanga na Gaeltachta;
§ bunú Aonad Oideachais Tríú Leibhéal dílis le haghaidh staidéar sochtheangeolaíoch Gaeilge agus pleanála teanga;
§ forbairt agus forfheidhmiú Plean Náisiúnta don Ghaeilge;
§ bunú Struchtúir Forfheidhmithe a fholóidh bunú Bhord Coimisinéirí Neamhspleácha agus athstruchtúrú Údarás na Gaeltachta.
Féach faoi Coiste Comhairleach ar Thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta le haghaidh dul chun cinn go nuige seo i ndáil leis an tuarascáil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seán Mac Eoin, ríomhphost: smaceoin@pobail.ie