Is cuid thábhachtach d'oidhreacht an Stáit iad ár n-oileáin mhara. Tá daoine ag cónaí ar thart ar 30 díobh mórthimpeall an chósta agus tá oidhreacht chultúrtha luachmhar le fáil iontu. Tá sé mar chuspóir lárnach ag an Roinn go leanfaidh pobail bhríomhara, inmharthana ag cur fúthu ar na hoileáin.
Tá gá le seirbhísí sásúla agus bonneagar forbartha a chur ar fáil chun inmharthanacht na n-oileán a chinntiú. Tá sé mar chuspóir ag an Roinn féachaint chuige go ndéantar freastal ar a riachtanais trí infheistíocht chaipitil agus reatha a dhéanamh tríd an Roinn féin agus trí Ranna agus eagrais chuí eile.
Tá tús áite tugtha ag an Roinn le roinnt blianta anuas d'fhorbairt bhonneagar na n-oileán chomh maith le seirbhísí cuimsitheacha rochtana a fhóirdheonú. Tá caighdeán maireachtála phobal na n-oileán feabhsaithe go mór dá réir.
Na Príomh-Oileáin Mhara Áitrithe
Seirbhísí Iompair Fóirdheonaithe