Tá Seosamh Ó hÁghmaill ceaptha ag an Rialtas mar Ard-Rúnaí ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le héifeacht ón 19 Eanáir 2010. Tá an Roinn dírithe ach go háirithe ar thacaíocht a thabhairt do phobail, bídís ina bpobail uirbeacha, tuaithe, oileán nó teangeolaíocha, chun maireachtáil agus neartú i dtír atá athraithe ó bhonn.
Is as Dún Dealgan don Uasal Ó hÁghmaill ó dhúchas agus fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráithre Críostaí, Dún Dealgan agus in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath.
Chuaigh sé isteach sa tseirbhís phoiblí in Éirinn sna 1970dí agus tá seal caite aige ag obair i roinnt Ranna éagsúla Rialtais, lena n-áirítear an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, áit a raibh sé mar Chomhairleoir Polasaí ar chúrsaí a bhain leis na healaíona, an chraoltóireacht, institiúidí cultúir, oidhreacht, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, agus na hoileáin amach ón gcósta.
Ó mhí na Samhna 2002, tá sé ag feidhmiú nar Rúnaí Cúnta sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. I measc na bhfreagrachtaí a bhí air le linn na tréimhse sin bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, rialáil carthanas, comhoibriú Thuaidh-Theas, an earnáil phobail & dheonach, cláir forbartha áitiúil & pobail, agus na hoileáin amach ón gcósta, chomh maith le réimse feidhmeanna corparáideacha ar nós bainistiú airgeadais, acmhainní daonna agus rialachas corparáideach.