Is tionscnamh Rialtais é an Clár RAPID, a dhíríonn ar 51 de na ceantair is mó míbhuntáiste sa tír. Tá sé mar aidhm ag an gClár a chinntiú go dtugtar tús áite don 51 ceantar ainmnithe trí acmhainní Stáit atá ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta a dhíriú orthu. Cuireann an Clár ceangal freisin ar na Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit comhordú níos fearr agus comhtháthú níos dlúithe a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí.
I ndeireadh na Bealtaine 2009, chur Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, Dún Garbháin, Co. Phort Láirge, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí agus Ráth Caola, Co. Luimnigh san áireamh i gClár RAPID.
Bunaíodh Meitheal Fhorfheidhmithe Ceantair (AIT) i ngach ceann den 46 ceantar a bhí ann roimh Bealtine 2009 chun plean a fhorbairt dá gceantar. Tugann an AIT foirne na nGníomhaireachtaí Áitiúla Stáit (Bord Sláinte, Údarás Áitiúil, Coiste Gairmoideachais, Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, FÁS, etc) an Chuideachta Chomhpháirtíochta Áitiúil, daoine atá ina gcónaí sa phobal áitiúil agus, san áit a bhfuil a leithéidí, Tascfhórsaí Áitiúla Drugaí, le chéile chun plean a ullmhú ag aithint na riachtanais atá ag gach ceantair.
Beidh AITs ag teacht sna áiteanna RAPID nua go luath.
Déanann an Roinn le tacaíocht ó Pobal (Bainistiú ar Fhorbairt Cheantair (ADM) Teo mar a bhí roimhe seo) comhordú ar fhorfheidhmiú an Chláir RAPID. Tá tuilleadh eolais faoi obair Pobal ar RAPID le fáil ag www.pobal.ie
Is é atá sa chlár CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais), a lainseáladh i nDeireadh Fómhair 2001, ná clár infheistíochta spriocdhírithe i gceantair thuaithe. Comhlánaíonn CLÁR an clár RAPID do cheantair uirbeacha faoi mhíbhuntáiste agus RAPID 11, an clár do bhailte cúigeacha. Tugadh isteach iad de bhun tiomantas sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime i leith cláir infheistíochta spriocdhírithe i gceantair uirbeacha agus thuaithe faoi mhíbhuntáiste.
Soláthraíonn CLÁR maoiniú agus cómhaoiniú do Ranna Rialtais, do Ghníomhaireachtaí Stáit agus d'Údaráis Áitiúla chun dlús a chur le hinfheistíocht i bhforbraíochtaí tosaíochta roghnaithe. Tacaíonn na hinfheistíochtaí sin le bonneagar fisiceach, eacnamaIochta agus sóisialta ar fud raon éagsúil beart. Léiríonn na bearta a tugadh isteach faoin gclár na tosaíochtaí sainaitheanta ag na pobail sna ceantair roghnaithe a ndeachaigh an tAire i gcomhairle leo ag an tús.
Ceantair ar spriocdhíríodh orthu faoin gClár CLÁR.
Codanna de: Ceatharlach, an Cabhán, an Clár, Corcaigh, Dún na Gall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, Luimneach, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach, Tiobráid Árainn, Port Láirge, an Iarmhí, Cill Mhantáin agus Liatroim ar fad.