RANNÓG CHOMHOIBRITHE THUAIDH/THEAS (RCTT)

An Rannóg Chomhoibrithe Thuaidh/Theas - Cad a dhéanaimid?  

Ag éirí as Comhaontú Aoine an Chéasta/ Bheal Féiriste, 10 Aibreán 1998, bhunaigh Rialtas na hÉireann rannóga Thuaidh/Theas sa chuid is mó de na Ranna Stáit.

Bunaíodh an Rannóg Chomhoibrithe Thuaidh/Theas (RCTT) in Eanáir, 2001 chun freagrachtaí na Roinne i leith a dhá chomhlacht Fhorfheidhmithe Thuaidh/Theas, mar atá Uiscebhealaí Éireann agus An Foras Teanga, a chomhlíonadh.

Tá bainistiú ról na Roinne mar chomhurraí ar Uiscebhealaí Éireann, in éineacht leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart, ar cheann de phríomhfhreagrachtaí na Rannóige.

Déanann an rannóg gach dícheall caidrimh láidre leis an comhlachtaí a bhunú agus a chothú, faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh.   

Cuspóirí Straitéiseacha 

· Comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh agus ar idirghníomhaíochtaí Thuaidh/Theas na Roinne.
· An comhoibriú láithreach a chothú agus tuilleadh deiseanna a thaiscéaladh.  
· Comhthadhlú a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, Roinn an Taoisigh, agus an Roinn Airgeadais i leith curaimí Thuaidh/Theas na Roinne.  


Cad is Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas ann?  

Faoi fhoráil de Chomhaontú Bhéal Feirste, bhunaigh Comhaontú Idirnáisiúnta forlíontach idir Rialtais na hÉireann agus na Breataine an sé Chomhlacht Thuaidh/Theas go foirmeálta.
 
Thug an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 agus an tOrdú um Chomhoibriú Thuaidh/Theas (Comhlachtaí Forfheidhmithe) (Tuaisceart Éireann) 1999, feidhm don Chomhaontú Fhorlíontach Thuaidh agus Theas.

Sainíonn Comhaontú Aoine an Chéasta 1998, 12 réimse le haghaidh comhoibriú ar mhaithe le comhthairbhe.  Thángthas ar chomhaontú ar shé réimse ina raibh comhlachtaí Forfeidhmithe Thuaidh/Theas le bunú agus ar shé réimse ina raibh comhoibriú Thuaidh/Theas le bainistiú trí ghníomhaireachtaí láithreacha.

Oibríonn na comhlachtaí Forfheidhmithe Thuaidh/Theas ar bhonn uile-oileáin agus fregracht acu don Oireachtas agus do Thionól Thuaisceart Éireann. Tá siad comhurraithe (maoinithe) ag an dá riarachán trí na Ranna cuí Thuaidh agus Theas. Seo iad na comhlachtaí:

1. Uiscebhealaí Éireann
2. An Foras Teanga
3. An Bord um Chur Chun Cinn Sábháilteachta Bia
4. Idir ThrádáilÉireann - An Comhlacht Trádála agus Gnó
5. Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann
6. Comhlacht na gClár Speisialta AE

Bunaíodh comhlacht poiblí nua, Turasóireacht Éireann Teo./Tourism Ireland Ltd. chun turasóireach ar fud oileán na hÉireann a chur chun cinn that lear.

Tuilleadh réimsí le haghaidh comhoibriú 

Is iad na réimse atá aitheanta le haghaidh comhoibriú trí ghníomhaireachtaí láithreacha ná:
Iompar, Talmhaíocht, Oideachas, Sláinte, agus Timpeallacht

Uiscebhealaí Éireann - cé hiad & cad a dhéanann siad? 

Tá Uiscebhealaí Éireann ar cheann den dá chomhlacht Thuaidh/Theas atá comhurraithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa Deisceart agus an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart. Is é An Foras Teanga/ Tha Boord o Leid an comhlacht  forfheidhmithe eile.

Tá Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus cúigear stiúrthóirí ag Uiscebhealaí Éireann. Tá a cheanncheathrú aige in Inis Ceithleann, Co Fhear Manach, agus oifigí réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma, agus sa Scairbh, Co an Chláir.   


Tá Uiscebhealaí Éireann freagrach as thart ar 1000km d'uiscebhealaí intíre inseolta Thuaidh agus Theas. Cuimsíonn sé sin freagracht as bainistiú, cothabháil, agus cur chun cinn na n-uiscebhealaí intíre inseolta.

Is iad na huiscebhealaí ná:
 
· Córas na Bearú, san áireamh  
· An Chanáil Ríoga agus an Chanáil Mhór   
· Uiscebhealach na Sionainne- na hÉirne     
· Córas na Banna Íochtair  
· Córas na Sionainne  
· Córas na hÉirne    


Déanann Uiscebhealaí Éireann cur chun cinn agus margáil freisin ar na huiscebhealaí chun turasóireacht thráchtála mar aon le húsáid phríobháideach a spreagadh, chun acmhainneacht shlat-iascaireachta na gcanálacha a fhorbairt, agus níos mó úsáide áineasa ar na huiscebhealaí sin a chothú. 

Ar an 6ú Márta, 2006 d’fháiltigh na hAirí roimh foilsiú an “Achoimre de thuairisc soch-eacnamaíoch maidir le coda Oir-Thuaisceart agus Iar-Dheisceart Canálach Ulaidh” agus an “Staidéar Féidearthachta maidir ath-oscailt Canálach Ulaidh.

Naisc  
Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Tuaisceart Éireann     www.dcalni.gov.uk
Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, Tuaisceart Éireann  www.dardni.gov.uk
Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas     www.northsouthministerialcouncil.org
Uiscebhealaí Éireann    www.waterwaysireland.org
Foras na Gaeilge     www.forasnagaeilge.ie
Tha Boord O Ulster-Scotch   www.ulsterscotsagency.com 

 

CEISTEANNA A CHUIRTEAR GO MINIC

Uiscebhealai Éireann cad a dhéanann siad?
Is é Uiscebhealaí Éireann an comhlacht Thuaidh Theas ar a bhfuil freagracht uile-oileánda as bainistíocht, cothabháil agus cur chun cinn na n-uiscebhealaí intíre inseolta.

Cad é an CATT?
Tá Airí ó Rialtas na hÉireann agus ó Thionól Thuaisceart Éireann araon ar an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas agus in éineacht lena gcuid feidhmeannach, oibríonn siad chun comhchomhairle, comhoibriú agus gníomhaíocht a fhorbairt laistigh d'oileán na hÉireann ar son comhleasa.

www.northsouthministerialcouncil.org

Cad is comhlacht Thuaidh/Theas ann?
Bunaíodh an sé chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh Theas faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Cé go bhfuil a shainchúram shoiléir oibriúcháin féin ar gach comhlacht, oibríonn siad uile faoi stiúir pholasaí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas. Is iad an dá riarachán Thuaidh agus Theas a mhaoiníonn na comhlachtaí.

Conas is féidir teagmháil a dhéanamh le hUiscebhealaí Éireann?
Waterways Ireland
5/7 Belmore Street
Enniskillen
Co. Fermanagh BT74 6AA
Tel. (048) 663233004
email info@waterwaysireland.org

Draft CODE OF PRACTICE North South Implementation Bodies and Tourism Ireland Ltd

The British-Irish Agreement provides that a Code of Practice on Freedom of Information be drawn up by the Irish and Northern Ireland Ministers with responsibility for freedom of information for the North/South Bodies for approval by the NSMC.  A draft of this Code has now been prepared and can be accessed below. The Code is non-statutory and has been drafted with regard to the Freedom of Information Acts, 1997 and 2003 in Ireland and the Freedom of Information Act, 2000 in the United Kingdom.

The Code facilitates public access to information held by the six North South Implementation Bodies and Tourism Ireland Ltd in a number of ways. It provides that each body should publish certain types of information relating to its functions, structures, organisation and services, together with a general description of the type of information held by that body.  It sets out the process under which a member of the public can request information held by a body, the steps that a body must take in handling such a request and the time period within which a body should normally respond to a request.  The Code also contains the facility for members of the public to obtain a statement of the reasons for an act of a body affecting the person.
 
The Annex to the Code sets out the categories of exempt information, if the information requested falls into a category listed in Part 1 of the Annex, the body is not obliged to release the information. If the information requested falls into a category listed in Part 2, the body must carry out a public interest test in deciding whether or not to release the information.
 
The Code provides for an internal review mechanism of decisions taken by the body under the Code.
 
Before submitting the Code to the North/South Ministerial Council (NSMC) for formal approval, the Code will be open to the public for comment. It is intended that this consultation period will run for sixteen weeks and end on the 7 October 2005. Once the consultation period has ended, all comments received will be considered and a final version will then be placed before NSMC for approval.

During the period of consultation, the North/South Bodies and Tourism Ireland Ltd. will operate the Code on a pilot basis. Information requests received by the Bodies during this time will be handled within the framework of the draft Code. As the Bodies will be using the pilot period to prepare for the full operation of the Code later this year, some flexibility may be applied to the timings and other provisions associated with the handling of requests contained in the Code.

If you or your organisation wishes to offer any comments on the Code of Practice, please send your comments to either:

code.secretariat@dfa.ie or
execomm.secretariat@ofmdfmni.gov.uk 

Saoráil Faisnéise Dréacht Cód do Chomhlachtaí Thuaidh/Theas (55 kb)

Reopening of Ulster Canal (507 kb)

Ulster Canal Feasibility Study (158 kb)

Ulster Canal Route Map (222 kb)

Ulster Canal North East Section Map (4,014 kb)

An Rannóg Seo