Saoráil Faisnéise

Eolas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta

Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003

Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998 agus tugadh isteach cearta dlí do dhaoine lena n-áirítear an ceart:

 

Iarraidh a dhéanamh
Is ceart iarrataí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn leis an mBainisteoir Saorála Faisnéise, An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, 43/49 Bóthar Mespil, Baile Átha Cliath 4. Tabhair do d'aire, le do thoil, nach mór táille €15 (€10 i gcás sealbhóirí cárta leighis nó a gcleithiúnaithe) a chur ag gabháil le gach iarraidh ar fhaisnéis neamhphearsanta arna déanamh faoi Alt 7 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 & 2003. Is ceart táillí a íoc i bhfoirm ordaithe poist, dréachta bainc nó seic iníoctha leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Nílimid in ann glacadh le híocaíocht bealach cárta sochair nó creidmheasa faoi láthair.

Tabhair do d'aire, le do thoil, le tabhairt isteach na táille caighdeánaí, atá ais-iníoctha sa chás go dtarraingítear siar an iarraidh, nach bhfuil aon impleachtaí ann maidir le hoibleagáid na Roinne táillí a fhorchur (nuair is infheidhme) de réir Alt 47 den Acht um Shaoráil Faisnéise do chuardach agus aisghabháil, agus/nó cóipeáil taifead. Cuirfear ar an eolas thú i gcás aon táillí dá leithéidí a thagann chun solais i ndáil le d'iarraidh.

Luaigh, le do thoil, go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 & 2003. Tabhair le fios freisin, le do thoil, má tá tú sásta glacadh le scaoileadh faisnéise lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise.

Is féidir fiosruithe i ndáil le hoibriú an Achta laistigh den Roinn nó na nósanna imeachta um iarraidh a dhéanamh leis an Roinn a sheoladh chuig an mBainisteoir Saorála Faisnéise ag an seoladh thuas, bealach teileafóin (teil: 01-6473147 / 3172 / 3173) nó bealach ríomhphoist chuig FOI@pobail.ie .

NÓTA: Tá ceangal ar an Roinn admháil go bhfuarthas iarraidh faoin Acht a thabhairt laistigh de dhá sheachtain agus tá oibleagáid uirthi freagra a thabhairt ar an iarraidh laistigh de 4 seachtaine.

Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe, (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, léamh i bpearsa srl.), is ceart é sin a lua i d'iarratas.

Tagann na taifid seo a leanas, faoi réir díolúintí áirithe a d'fhéadfadh éirí as forálacha Achtanna 1997 agus 2003, faoi raon an Achta:

Tuilleadh faisnéise
Tá tuilleadh faisnéise i dtaobh fheidhmeanna agus thaifid na Roinne le fáil i Lámhleabhar Alt 15 de chuid na Roinne. Beidh faisnéis i dtaobh rialacha agus chleachtais na Roinne le fáil freisin i dTreoir na Roinne maidir le Rialacha agus Cleachtais Alt 16 atá le foilsiú de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Foirm iarratais um Shaoráil Faisnéise (364 kb)
Foirm iarratais um Shaoráil Faisnéise

An Rannóg Seo